Thaispeáin a athair do an dóigh le treabhadh le dhá bheithíoch agus ba sin an obair a thosaigh sé ag 14 bliana d’aois nuair a fuair a athair bás. A chuimhne ar an nós preátaí luath a chur Aoine an Chéasta roimh an trí a chlog sula raibh an tseirbhís i dtigh an phobail.
00:01:42
An obair agus an saol a bhí acu nuair a bhí sé óg, an bia, an paidrín, an lá a chaitheadh siad ina suí luath ar maidin, ag tabhairt leo móin na scoile. Rinne sé an obair sin ar feadh blianta ag treabhadh dona comharsana, thosaíodh sé ar an 8 a chlog ar maidin go dtí leath i ndiaidh a seacht tráthnóna ar 12 scilling sa lá. Threabhadh sé acra sa lá.
00:05:04
Ba saor cloiche a bhí ina athair agus thosaigh sé ar an obair go hóg nuair a bhítear ag tógáil droichead Ghaoth Barra. Thóg sé féin droichead i mBealach Féich in 1919 agus tá a ainm scríofa ar an droichead. Ní raibh a athair ariamh ar an scoil.